Nahum 1:12 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Is marso a deir an TIGHEARNA; Má tá go bhfuilid suáimhneach, agus fós iomadamhuil, gidheadh is marso chuirfighear síos íad, an tan rachus sé thríd. Mátá gur phían mé thú, ní phíanfa mé thú ní sa mbó.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Deir an Tiarna é seo: «Dá fheabhas agus dá líonmhaire iad, coscrófar agus dísceofar iad. Cé gur smachtaigh mé thú cheana, ní dhéanfaidh mé amhlaidh níos mó.