Nehemiah 13:19 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus tárla, fa nam ar thionnscnadar geatadha Ierusalem bheith dorcha roimhe an tsábbóid, gur aíthin misi na geatadha do dhrud, agus dfuágair mé gan a noscladh nó go ttíocfadh déis na sábbóide: agus do chuir mé cuid dom mhuinntir ag na geatadhuibh, chor noch ttiubharthaói áon úalach a steach annsa tsábbóid.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Díreach roimh an tsabóid nuair a bhí scáilí an dorchadais ag titim ar gheataí Iarúsailéim, thug mé ordú na comhlaí a dhúnadh, agus dúirt mé: «Na hosclaígí arís iad nó go mbeidh an tsabóid thart.» Chuir mé cuid de mo sheirbhísigh ag faire ag na geataí i dtreo nach n-iomprófaí aon ualach isteach ar an tsabóid.