Nehemiah 5:15 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Acht na húachdarain do bhí romham do bhádar costasach don phobal, agus do ghlacadar arán agus fíon úatha, táobh a muigh do cheathrachad secel airgid; do bhí fós, agá sherbhíseachaibh ríaghuil ós cionn an phobail: acht ní dhéarnuidh misi marsin, ar eagla Dé.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach na gobharnóirí a ghabh romham, ba ualach iad ar an bpobal; dhéanaidís daichead seicil airgid a thobhach [mar bheatha lae], agus bíodh leatrom á dhéanamh ag a seirbhísigh ar an bpobal chomh maith. Ach ní dhearna mise a leithéid, mar go raibh eagla Dé orm.