Nehemiah 5:7 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Annsin do chomhairligh mé riom féin, agus thug mé imdheargadh do na huáislibh, agus do na húachdaranuibh, agus a dubhairt mé ríu. Coimhégnidhthi gach aonduine aguibh úalach air a dhearbhrathair. Agus do shuighidh mé oireachtus mór na naghaidh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Rinne mé mo mhachnamh ar an scéal agus ansin chuir mé ceartú ar na huachtaráin agus ar na feidhmeannaigh á rá: «Cad é ualach atá á chur ag gach duine agaibh ar a bhráthair!» Ghairm mé comhthionól mór le chéile le plé leo.