Numbers 11:18 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Agus abairsi ris an bpobal, Beannuigidh sibh féin a ccoinne an láoi márach, agus íostáoi feóil: (óir do ghuileabhair a ccluasaibh an TIGHEARNA, da rádh, Cia bhéuras feoil dúinn ré na hithe? óir is maith do bhádhas aguinn sa Négipt): uime sin do bhéura an TIGHEARNA feóil dáoibh, agus íostáoi í.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Abair leis an bpobal: 'Coisricigí sibh féin don lá amárach, agus beidh feoil le hithe agaibh, óir rinne sibh lógóireacht i gcomhchlos don Tiarna á rá: Cé thabharfaidh feoil le hithe dúinn? Nár bhreá an saol a bhí againn san Éigipt! Uime sin tabharfaidh an Tiarna feoil le hithe daoibh.