Numbers 11:8 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do imthigheadh an pobal fa gcuáirt, agus do chruinnighedís é, agus do mheiledis a muiltibh é, no do bhrúighedís é a móirteur, agus do bhruithedís a noighnibh é, agus do nighdís cácuidhe dhe: agus do bhí a bhlas amhuil blas núadhóla.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ghabhadh an pobal timpeall agus chruinnídís é, agus mheilidís i muilte é, nó bhrúidís le tuairgnín é; dhéanaidís é a bhruith ansin i bpotaí, agus dhéanaidís cístí de. Bhí blas air mar a bheadh ar chístí bruite le hola.