Numbers 14:2 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do rinneadar clann Israel uile ithomrádh a nághaidh Mhaóise agus a nághaidh Aáron: agus a dubhradar an comhchruinniughadh uile riú, Do bfearr linn go bhfuígheamáois bás a ccrích na Hégipte, nó do bfearr linn go bhfuíghemaois bás annsa bhfásachso.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Chrom clann Iosrael go léir ag monabhar in aghaidh Mhaois agus Árón, agus dúirt an comhthionól uile leo: «Uch nach bhfuaireamar bás i dtír na hÉigipte! nó ar a laghad nach bhfuaireamar bás san fhásach seo!