Numbers 16:3 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do chruinnigheadar íad féin a ccionn a chéile a naghaidh Mháoise, agus a naghaidh Aáron, agus a dúbhradar riú, Is mór ghabhtháoise oruibh féin, ó thárla an chomhchruinniughadh uile náomhtha, gach aón díobh, agus an TIGHEARNA na measc: ar a nadhbharsin cred fá ccurtháoisi sibh féin súas ós cionn phobail an TIGHEARNA?
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Chruinníodar seo le chéile in aghaidh Mhaois agus Árón agus dúradar leo: «Tá sibh dulta thar fóir! Tá an comhthionól go léir coisricthe, gach duine riamh díobh, agus maireann an Tiarna ina gcoimhdeacht. Cad ab áil libh dá bhrí sin do bhur gcur féin os cionn chomhthionól an Tiarna?»