Numbers 20:1 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Annsin thangadar clann Israel, an comhchruinniughadh uile, go díothramh Sin annsa chéad mhí: agus do bhí ann pobal na ccomhnuidhe a Cades; agus déug Miriam annsin, agus do hadhluiceadh annsin í.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
An chéad mhí tháinig clann Iosrael, an comhthionól go léir, isteach i bhfásach Zin. Chuir na daoine fúthu i gCáidéis. Ansiúd a fuair Miriám bás agus a adhlacadh í.