Numbers 21:7 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Uimé sin tangadar an pobal chum Maóise, agus a dubhradar, Do pheacuigheamar, óir do labhramar a naghaidh an TIGHEARNA agus ad aghaidhsi; guidh an TIGHEARNA, gó mbeireadh na naithreacha nimhe uáinn. Agus do ghuidh Maóise ar son an phobail.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tháinig an pobal go Maois agus dúradar: «Pheacaíomar lenár gcaint in aghaidh an Tiarna agus i d' aghaidhse. Guigh chun an Tiarna á iarraidh air na nathracha a thógáil dínn.» Ghuigh Maois ar son an phobail.