Numbers 22:23 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do chonnairc an tassal aingeal an TIGHEARNA na sheasamh ar a tslighe, agus a chloidheamh nochduighe iona láimh: agus do ionntóigh an tassal as a tslighe amach, agus do chuáidh ar feadh an mhacaire: agus do bhuáil Bálaam an tassal, dá fhilleadh annsa tslighe.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Chonaic an t-asal aingeal an Tiarna ina sheasamh ar an mbóthar, agus claíomh nocht ina láimh, agus d' imigh an t-asal i leataobh ón mbóthar agus seo leis trí na bánta. Ach bhuail Balám an t-asal á chur ar ais ar an mbóthar.