Numbers 23:27 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Agus a dubhairt Bálac re Bálaam, Tárr, guidhim thú, béara mé liom thú go háit oile; do bféidir go madh toil lé Día go mailleochthá dhamh íad as sin.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Téanam más ea,» arsa Bálác le Balám, «béarfaidh mé go láthair eile thú. B' fhéidir gur toil le Dia iad a mhallú ón áit sin.»