Numbers 30:4 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus go ccluinfe a hathair a móid, agus a banna lear cheánguil sí a hanam, agus go néistfidh a hathair ría: annsin seasfuid a móide uile, agus seasfuid gach banna ler cheanguil sí a hanam.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus má chluineann seisean i dtaobh na móide nó an ghill lenar cheangail sí í féin, gan aon ní a rá léi, ansin bíodh an mhóid a thug sí, cibé sórt í, bailí agus bíodh an geall a thug sí, cibé sórt é, bailí.