Numbers 31:16 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Féuch, tugadar so ar chloinn Israel, tré chomhairle Bhálaam, peacughadh a naghaidh an TIGHEARNA a gcúis Pheoir, agus do bhí pláigh a measc chomhchruinnigh an TIGHEARNA.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Féach,» ar sé, «is iadsan an dream ceannann céanna a thug ar chlann Iosrael, trí chomhairle Bhalám, dul amú agus an Tiarna a shéanadh i ngnó úd Pheór, agus sin é mar a bhuail an phlá comhthionól an Tiarna.