Numbers 33:38 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do chuáidh Aáron an sagart súas go slíabh Hor ar aithne an TIGHEARNA, agus fuáir bás annsin, an ceathrachad blíadhain tar éis chloinne Israel do theachd amach as crích na Hégipte, annsa chéad lá don chúigeadh mhí.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ghabh Árón an sagart suas Sliabh Hor faoi ordú an Tiarna agus fuair sé bás ansiúd sa daicheadú bliain tar éis d' Iosrael teacht as an Éigipt, sa chúigiú mí agus ar an gcéad lá den chúigiú mí sin.