Numbers 4:12 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus geabhuid chuca uile ionstrumintigh an fhriothoilte, lé ndéanuid serbhís annsa tsanctóir, agus cuirfid iad a néadach do ghorm, agus foileochuid íad dfolach do chroicnibh broc, agus cuirfid ar bharra íad:
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tógaidís na gréithe eile go léir a úsáidtear i seirbhís an tsanctóra, agus leagaidís ar éadach corcra iad go léir agus clúdaídís iad le brat de leathar mín agus cuiridís lena chéile ar an mbarra iad.