Numbers 5:21 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ann sin cuirfidh an sagart do chúram air an mnáoi maille re mionnuibh an mhalluighe, agus déara an sagart ris an mnaói, Go ndearna an TIGHEARNA mallughadh agus mionna dhiót a measc do mhuinntire, a nuáir do bhéara an TIGHEARNA ar do thairbhfhéich lobhadh, agus ar do bholg at;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
ag an bpointe seo cuireadh an sagart faoi deara don bhean mionn na mallachta a thabhairt agus abradh sé léi ' go ndéana an Tiarna mallú agus mionn díot i measc an phobail ag seargadh do shliasta agus ag at do bhoilg.