Obadiah 1:18 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus biáidh tigh Iácob na theine, agus tigh Ióseph na lasair, agus tigh Esau na chonnlach, agus lasfuid ionta, agus dóithfid íad; agus ní fhanfa áon do thigh Esau; óir a dubhairt an TIGHEARNA é.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Beidh teach Iacóib ina thine, agus teach Iósaef ina lasair; agus teach Éasau ina choinleach. Cuirfear trí thine iad, agus loiscfear iad, agus ní fhágfar duine de theach Éasau beo. Tá an Tiarna tar éis labhairt.»