Philemon 1:13 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Noch bá mían riumsa a chongmháil um fhochair féin, ionnus go ndéunadh sé miniosdralachd damh a tionadsa, a gcuibhrighibh an tsoisgéil:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Ba mhian liom a chongbháil agam féin chum go ndéanfadh sé seirbhís dom it’ ionad‐sa i gcuibhreachaibh an tsoiscéil:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Is é ab fhearr liom féin, go bhfanfadh sé agam, le bheith ag freastal orm thar do cheannsa chomh fada agus atá le caitheamh agam i mbraighdeanas ar son an tsoiscéil;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
cé go mb' fhearr liom é a choimeád agam chun freastal orm thar do cheannsa, fad atáim i ngéibheann ar son an dea-scéil.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
cé go mbʼfhearr liom é a choimeád agam chun freastal orm thar do cheannsa, fad atáim i ngéibheann ar son an dea-scéil.