Philemon 1:16 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ní mar shearbhfhoghantuighe feasda, achd ós cionn shearbhfhoghantuighe, na dhearbhráthair ghrádhach, go háirighe dhamhsa, a né nach mo ná sin duitse, sa gcoluinn agus sa Dtíghearna?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
ní mar sheirbhíseach feasta, acht mar dhuine is mó ’ná seirbhíseach, mar bhráthair ionmhain, ionmhain liom‐sa, go mórmhór, acht gur mó is annsa leat‐sa é san bhfeoil agus san Tighearna.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
ach ní mar mhogha ach mar ní is mó ná mogha, mar bhráthair ionúin, agus dá dhílseacht le mo chroí é, nach mó go mór an dáimh is cóir a bheith agatsa leis, de thaobh an tsaoil seo agus de thaobh an Tiarna.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
ach ní chun go mbeadh sé ina dhaor agat feasta é ach, rud is fearr ná sin, chun go mbeadh sé ina bhráthair ionúin. Mar dá ansa liomsa é nach mó is ansa leatsa é, mar dhuine agus mar Chríostaí.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
ach ní chun go mbeadh sé ina dhaor agat feasta é ach, rud is fearr ná sin, chun go mbeadh sé ina bhráthair ionúin. Mar dá ansa liom-sa é nach mó is ansa leat-sa é, mar dhuine agus mar Chríostaí.