Philemon 1:22 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus maille ris sin ullmhuigh lóisdín damh: óir atá muinighin agum go bpronnfuighear dhíbh me tré bhur nurnuighíbh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht, ar an am céadna ullmhuigh lóistín dom: óir atá súil agam go mbronnfar mé oraibh de bhárr bhur n‐urnaighthe.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus táim á rá leat san am céanna seomra aíochta a dhéanamh réidh i mo choinne, ó tá dóchas agam bheith agat mé féin mar thoradh ar do ghui.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Rud amháin eile, ar mhiste leat seomra aíochta a ullmhú dom, mar tá súil agam go scaoilfear ar ais chugaibh mé de thoradh bhur n-urnaithe.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Rud amháin eile, ar mhiste leat seomra aíochta a ullmhú dom, mar tá súil agam go scaoilfear ar ais chugaibh mé de thoradh bhur n-urnaithe.