Philippians 1:19 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír atá a fhios agum go rachuid so chum slánuighthe dhamh tré bhur núrnuighthese, agus tré chungnadh iomlán Sbioruide Iósa Críosd,
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir is eol dom go rachaidh sin chum slánuighthe dhom, de bhárr bhur n‐urnaighthe agus tré chongnamh Spioraid Íosa Críost,
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Tá agus beidh lúcháir orm. Mar aithním an deireadh a thiocfas air, go dtiocfaidh mé slán as, agus a bhuíochas sin ar bhur n-urnaithe agus ar an gcabhair a fuair mé ó Spiorad Íosa Chríost,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
mar go bhfuil a fhios agam go rachaidh sé chun mo shlánaithe le cabhair bhur n-urnaithese agus le cúnamh ó Spiorad Íosa Críost.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
mar go bhfuil a fhios agam go rachaidh sé chun mo shlánaithe le cabhair bhur n-urnaithe-se agus le cúnamh ó Spiorad Íosa Críost.