Philippians 1:23 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír atáim a gcúmhgach ar gach táobh, ar mbeith dhamh fonnmhar ar bheith fá reír, agus ar bheith a bhfochair Chríosd; óir ni bhfuil ann ní as fear ná sin:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Atáim idir an dá rogha, ag dúil le h‐imtheacht agus bheith i bhfochair Chríost;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach bím ag déanamh dhá leath díom féin idir an dá ní seo. Is é mian mo thola imeacht ar shlí na fírinne le cuideachta a choinneáil le Críost, ó nach bhfuil ní is fearr ná sin le fáil.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Táim i gcás idir dhá chomhairle: tá fonn orm síothlú liom agus bheith fara Críost, mar ba é ba fhearr go mór.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Táim i gcás idir dhá chomhairle: tá fonn orm síothlú liom agus a bheith fara Críost, mar ba é ab fhearr go mór.