Philippians 1:7 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Már as cóir dhamh an breathnughadhsa do bheith agum oruibh uile, do bhrígh go bhfuil sibh agam um chróidhe; go rabhabhair uile páirteach ré mo ghrása, ré linn mo ghéibheann, agus mo chosanta agus mo dhaingnighthe ar a tsoisgéul.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
óir is ceart dom bheith ar an intinn sin ’n‐bhur dtaobh uile, de bhrigh go bhfuil sibh im’ chroidhe agam, óir im’ chuibhreachaibh, agus ag pléidhe cúise an tsoiscéil dom agus g‐á dhaingniú, atá sibh uile rannpháirteach i ngrása liom.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Is é mo cheart é dáimh a bheith agam libh, mar tá sibh ar mo chroí, as bheith rannpháirteach liom sa ghrásta, i mo phríosúnacht, agus i gcosaint agus i gcothú an tsoiscéil freisin.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Is maith is ceart dom an aigne seo a bheith agam in bhur dtaobh go léir, de bhrí go bhfuil sibh i gcochall mo chroí agam agus a rá go bhfuil sibh go léir rannpháirteach sa ghrásta a bhronn Dia orm, cibé acu a bhím i gcuibhreacha nó ag cosaint agus ag daingniú an dea-scéil.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Is maith is ceart dom an aigne seo a bheith agam in bhur dtaobh go léir, de bhrí go bhfuil sibh i gcochall mo chroí agam agus a rá go bhfuil sibh go léir rannpháirteach sa ghrásta a bhronn Dia orm, cibé acu a bhím i gcuibhrinn nó ag cosaint agus ag daingniú an dea-scéil.