Philippians 2:17 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd fós, bíodh go bhfuilim dom íodhbairt ar muin íodhbartha agus sheirbhíse bhur gcreidimhse, atá lúathgháir oram, agus gáirdeachas má ráon libhse uile.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
’Seadh, agus má doirtthear mé mar ofráil dighe os cionn íodhbairte agus seirbhíse bhur gcreidimh, do‐ghním gáirdeachas, agus do‐ghním bród i n‐éinfheacht libh‐se go léir:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Má tá sé i ndán dom féin bheith do mo dhoirteadh amach mar dheoch ofrála i mullach íobartha agus adhartha bhur gcreidimh, beidh áthas agus lúcháir orm libh uile.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Fiú amháin má tá mo chuid fola le doirteadh agam mar dheoch ofrála ar an íobairt a dhéanann sibh chun Dé le bhur gcreideamh, tá áthas orm faoi agus déanaim comhghairdeas libh uile.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Fiú amháin má tá mo chuid fola le doirteadh agam mar dheoch ofrála ar an íobairt a dhéanann sibh chun Dé le bhur gcreideamh, tá áthas orm faoi agus déanaim comh-ghairdeas libh uile.