Philippians 2:19 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus atá muinighin agum sa Dtíghearna Iósa ré Timoteus do chur chuguibh go haithghearr, ionnus go mbéinn deighmheisnigh, ar bhfagháil fheasa créud as cor dhíbhse.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht atá súil agam san Tighearna Íosa go gcuirfead Timóteus chugaibh gan mhoill, chum go mbéidh sólás croidhe agam féin nuair bhéas a fhios agam cionnas mar tá an saoghal agaibh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Tá an dóchas seo as an Tiarna Íosa agam Timótéus a chur chugaibh roimh i bhfad, ionas go mbeidh áthas orm le tuairisc a fháil oraibh uaidhsean.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tá súil agam, le toil an Tiarna Íosa, nach fada go gcuirfidh mé Tiomóid chugaibh le hionchas go gcuirfeadh bhur dtuairisc éirí croí orm.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tá súil agam, le toil an Tiarna Íosa, nach fada go gcuirfidh mé Tiomóid chugaibh le hionchas go gcuirfidh bhur dtuairisc éirí croí orm.