Philippians 2:22 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd atá fios a dhearbhthachdsan aguibhse, eadhon go ndearna sé miniosdrálachd um fhochairse sa tsoisgéul, amhuil do dhéunadh mac a bhfochair a athar.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht atá a fhios agaibh cionnas chruthuigh sé, gur shaothruigh sé mar aon liom‐sa i ngnó an tsoiscéil, mar dhéanfadh mac i n‐éinfheacht le n‐a athair.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach tá a fhios agaibh an fiúntas atá ann, i dTimótéus, ag comhoibriú liom sa soiscéal mar mhac lena athair.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Is eol daoibh féin a fheabhas a chruthaigh sé ag obair le mo thaobhsa ar son an dea-scéil, mar a bheadh mac ag fónamh dá athair.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Is eol daoibh féin a fheabhas a chruthaigh sé ag obair le mo thaobhsa ar son an dea-scéil, mar a bheadh mac ag fónamh dá athair.