Philippians 2:25 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Gidheadh do mheas mé gur riachdanach mo dhearbhráthair Epaphroditus, do chur chuguibh, mo chomhoibrighe, agus mo choimhfhior coguidh, agus bhur dteachdairese, agus an tí do fhóir oram a nám mo riachdanuis.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht do cheapas gur riachtanach Epafróditus, bráthair, agus chómh‐oibridhe, agus cómhshaighdiúir liom, agus bhur dteachtaire‐se, agus an fear d’fhóir orm i n‐am mo ghátair, do chur chugaibh:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Chonacthas dom é bheith riachtanach Epafrodítus a chur chugaibh atá ina bhráthair agus ina chomhoibrí agus ina chomhshaighdiúir agamsa, agus a bheas mar theach-taire agus mar thimire uaibh i mo riachtanais agam,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Measaim, áfach, nach mór dom mo bhráthair Eapafraidíteas a chur chugaibh. Is comhoibrí agus comhthrodaí liom é agus is sibhse féin a sheol chugam ina theachta é chun riar mo cháis a sholáthar dom.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Measaim, áfach, nach mór dom mo bhráthair Eapafraidíteas a chur chugaibh. Is comhoibrí agus comhthrodaí liom é agus is sibh-se féin a sheol chugam ina theachta é chun riar mo cháis a sholáthar dom.