Philippians 2:27 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus go deimhin do bhí sé lag a bhfogus don bhás: gidheadh do rinne Día trócaire air; agus ní hair amháin, achd oramsa mar an gcéudna, ionnus nach bíadh doilgheas ar muin doilghis oram.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus go deimhin bhí sé tinn i riocht báis; acht do rinne Dia trócaire air, agus ní h‐airsean amháin, acht orm‐sa, leis, chum nach mbéadh doilgheas os cionn doilgheasa orm.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Féadann sibh breoiteacht a thabhairt uirthi—ba é a bhí i mbéalabáis. Ach bhí trócaire ag Dia ní hamháin air, ach ormsa, ar eagla brón ar mhuin bróin a bheith orm.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus is é a bhí breoite go deimhin agus i mbéala an bháis féin, ach rinne Dia trócaire air agus ní air sin amháin é ach ormsa freisin mar gur shábháil sé ó bhrón ar bhrón mé.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus is é a bhí breoite go deimhin agus i mbéala an bháis féin, ach rinne Dia trócaire air–agus ní air sin amháin é ach orm-sa freisin mar gur shábháil sé ó bhrón ar bhrón mé.