Philippians 3:12 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ní hé go ráinic mé cheana, nó go bhfuilim fos ar dteachd chum críche: achd atáim ag rioth, dféuchain an dtiucfadh dhíom fós breith uirrthe do bhrígh go rugadh oram cheana ré Iósa Críosd.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Ní h‐é go bhfuil ceann cúrsa sroichte agam cheana, nó go bhfuil bárr feabhais orm fós; acht atáim ag bualadh ar aghaidh, mar dhúil is go bhfaighinn sealbh air, mar fuair Íosa Críost sealbh orm‐sa.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ní ionann sin is a rá go bhfuil sin agam ná go bhfuil mé críochnaithe; ach ag dul ar aghaidh le mo chuid féin a dhéanamh de go díreach mar a rinne Íosa Críost a chuid féin díom.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ní hé go bhfuil mo chuspóir bainte amach agam go fóill ná go bhfuilim tagtha chun foirfeachta go fóill; ach leanaim orm ag iarraidh an duais a bhreith liom mar go bhfuil beirthe orm féin ag Íosa Críost.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)