Philippians 3:20 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd as ar neamh atá ar gcoinbhearsáidne; an tionad as a bhfuil súil aguinn fós ré teachd an Tslánaighthéora, an Tíghearna Iósa Críosd:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir is ar neamh atá ár n‐áitreabh‐na; agus is ó’n áit sin atáimíd ag fanamhain le Slánuightheoir, an Tighearna Íosa Críost:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach is ar neamh atá sí le fáil, an chathair chinn ar di sinn, agus is as neamh a bhíos súil againn le Slánaitheoir, leis an Tiarna Íosa Críost,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ar neamh atá ár mbaile dúchais againne, áfach, agus is ó neamh atáimid ag súil lenar bhfuasclóir a theacht, an Tiarna Íosa Críost.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ar neamh atá ár mbaile dúchais againne, áfach, agus is ó neamh atáimid ag súil lenar bhfuasclóir a theacht, an Tiarna Íosa Críost.