Philippians 3:21 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Noch chuirfeas an gcorp truáillighe a nátharrach crótha, chum a dhéunta cómhchosmhuil ré na chorp glórmhar féin, tres a noibriughadh lér féidir leis na huile neithe fós do chur faói féin.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
an té chuirfeas malairt crotha ar chorp so ár h‐umhlaidheachta, chum go ndéanfar cosmhail é le n‐a chorp glórmhar féin, do réir an chumais atá aige chum gach uile nidh do thabhairt fá n‐a cheannas féin.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
a athrós an corp seo ár n-uirísleachta i gcomchosúlacht lena chorpsan, corp a ghlóire, leis an gcumhacht sin a bhíonn aige le gach uile ní a chur faoina smacht.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Déanfaidh seisean an corp uiríseal seo againn a athmhúnlú ar aon dul lena chorp glórmhar féin as ucht na cumhachta lena bhféadann sé gach uile ní a thabhairt faoina smacht.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Déanfaidh seisean an corp uiríseal seo againn a athmhúnlú ar aon dul lena chorp glórmhar féin–as ucht na cumhachta lena bhféadann sé gach uile ní a thabhairt faoina smacht.