Philippians 3:5 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar mbeith dhamh timchillghearrtha an tochdmhadh lá, do chineadh Isráel, do threibh Bhenjamin, am Eabhraidhe do na Heabhruighibh, am Fhairísineach, do réir an reachda;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
mise do timcheall‐ghearradh an t‐ochtmhadh lá, do shíolruigh ó threibh Bheniamín, Eabhraidheach tháinig ó Eabhraidhibh; i dtaobh na dlighe im’ Fhairsíneach;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mise a ghlac timpeallghearradh an t-ochtú lá, duine de chine Iosrael, de threibh Bheniamín, a tháinig dʼEabhrach agus dʼEabhraigh; a bhí i mʼFhairiséach i dtaobh le dlí,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
de shliocht Iosrael mé, de threibh Bhiniáimin, Eabhrach den fhíorfhuil Eabhrach, agus timpeallghearradh mé ar an ochtú lá. I dtaca leis an dlí bhí mé i m' Fhairisíneach;
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
de shliocht Iosrael mé, de threibh Bhiniáimin, Eabhrach den fhíorfhuil Eabhrach, agus timpeall-ghearradh mé ar an ochtú lá. I dtaca leis an dlí bhí mé i mʼFhairisíneach;