Philippians 3:8 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus fós go deimhin, measuim gur dioghbháil na huile neithe, ar son éolais ro oirdheirc Iósa Críosd mo Thighearna: agar léig mé dhíom na huile neithe ar a shon, agus measuim nach bhfuil ionnta achd aóileach, ionnus go ngnodhachuinn Críosd,
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Go fírinneach measaim gur cailleamhain gach uile nidh ar aon eolais shár‐luachmhair Íosa Críost mo Thighearna: gur fhulaingeas díth gach uile nidh ar a shon, agus ní fhuil de mheas agam ortha acht mar bhéadh agam ar aoileach, chum go ngnóthóchainn Críost,
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ar ndóigh níl ní nach beag orm é i gcomórtas leis an ardmheas atá agam ar an aithne atá agam ar Íosa Críost ina Thiarna. Is mar mhaithe leis-sean a chaill mé mo chuid den saol, agus ar lú liom ná tráithnín é, ach mé Críost a cheannach,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus ní hé sin amháin é ach áirím gur caillteanas gach uile ní le hais an bhua thar barr atá faighte agam: aithne a chur ar Íosa Críost, mo Thiarna. Ar mhaithe leis sin ligeas an t-iomlán ar ceal, agus tuigtear dom nach raibh ann ach truflais, le go ndéanfainn Críost a ghnóthú
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)