Philippians 4:11 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ní tré ríachdanus a deirim so: óir do fhoghluim misi, bheithe sásuigh, ris an staid ann a bhfuilim.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Ní h‐é go bhfuilim ag labhairt mar bhéinn fá easbaidh: óir d’fhoghlaimeas cionnas fanamhain sásta, is cuma cia an staid ’n‐a mbím.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ní hé sin le rá go bhfuil ábhar gearáin agam; mar tá sé foghlamtha agam bheith sásta le bheith mar atá mé agus mar a bhfuil mé.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ní ag casaoid faoin ngannchúis atáim mar tá foghlamtha agamsa bheith sásta lena bhfuil agam.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ní ag casaoid faoin ngannchúis atáim mar tá foghlamtha agam-sa a bheith sásta lena bhfuil agam.