Philippians 4:12 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
As éol damh bheith uiríseal, agus as éol damh bheith iomlán: sa nuile áit agus sna huile neithibh do teaguisgeadh mé ré bheith sáitheach agus ré bheith a riachdanus.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Is eol dom cionnas bheith úiríseal, agus bheith ar mo lánmhian: ar gach slighe agus san uile nidh d’fhoghlaimeas cionnas bheith sáitheach, agus cionnas bheith ocrach, cionnas bheith i bhflúirse, agus cionnas bheith i ngátar.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Tá a fhios agam cad é rud é an t-anás, agus tá fhios agam cad é rud é bheith i mo shá den saol; más daor a cheannaigh mé é, tá tuiscint agam, cibé am nó áit a bhfuilim, bheith sách nó seang, agus teacht le béile mór nó bheith gan béile ar bith.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tá eolas agam ar an gcaolchuid agus ar an bhflúirse. Tá seantaithí agam ar gach sórt: ar an mórdhóthain agus ar an ocras, ar an bhflúirse agus ar an ngannchuid.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tá eolas agam ar an gcaolchuid agus ar an bhflúirse. Tá seantaithí agam ar gach sórt: ar an mórdhóthain agus ar an ocras, ar an bhflúirse agus ar an ngann-chuid.