Philippians 4:15 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus fós, atá a fhios aguibhse a Philippíanacha, a dtosach an tsoisgéil, an tan do fhág mé Macedonia, nár roinn eagluis ar bith rium a gcunntus tabhartha agus gabhála, achd sibhse amháin.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus atá a fhios agaibh féin, a Fhilipíneacha, nuair d’imthigheas ó’n Maiceadóin, agus an soiscéal ’n‐a thús, nach ndeachaidh eaglais ar bith i bpáirt liom fá bhronnadh agus fá ghlacadh,
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus tá a fhios agaibhse, atá i bhFilipí, nach mbíodh aon eaglais ag roinnt liom, ag tabhairt dom agus ag glacadh uaim i dtús an tsoiscéil, in am mʼimeachta as an Macadóin, ach sibh féin amháin;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tá a fhios agaibh féin, a mhuintir Fhilipí, nuair a d' fhág mé an Mhacadóin ag tosú ar an tsoiscéalaíocht, nach ndeachaigh aon eaglais i bpáirtíocht ná i gcomhar liom sa ghnó ach sibhse amháin.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tá a fhios agaibh féin, a mhuintir Fhilipe, nuair a dʼfhág mé an Mhacadóin ag tosú ar an tsoiscéalaíocht, nach ndeachaigh aon eaglais i bpáirtíocht ná i gcomhar liom sa ghnó ach sibh-se amháin.