Philippians 4:3 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus sírim dathchuinge ortsa, mar an gcéudna, a chompanuigh charthanaigh, cungnamh ris na mnáibh noch do rinne díthchioll maille riomsa sa tsoisgéul, agus fós maille ré Clemens, agus ris an gcuid eile dom luchd cabhartha, agá bhfuilid a nanmanna a leabhar na beatha.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus impidhim ort‐sa, a chomrádaidhe dhil, congnamh do thabhairt do na mnáibh úd, óir do shaothruigheadar san tsoiscéal i n‐éinfheacht liom‐sa, i n‐éinfheacht le Clément, leis, agus leis an gcuid eile dem’ chómh‐oibrightheoiribh, go bhfuil a n‐ainmneacha thíos i leabhar na beathadh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus impí uaim ortsa, a chomhoibritheoir dhílis na haon chuinge liom, cuidiú leis na mná seo, ós iad a bhíodh ag saothrú amach an tsoiscéil taobh le taobh le chéile agus liomsa agus le Clement agus le mo chomhoibritheoirí eile, a bhfuil a n-ainmneacha ar leabhar na beatha.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus iarraim ortsa, a pháirtí dhil, lámh chúnta a thabhairt dóibh mar gur sheas siad gualainn ar ghualainn liomsa ag cosaint an dea-scéil, mar aon le Cléimins agus leis na cúntóirí eile agam a bhfuil a n-ainmneacha scríofa i leabhar na beatha.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus iarraim ort-sa, a pháirtí dhil, lámh chúnta a thabhairt dóibh mar gur sheas siad gualainn ar ghualainn liom-sa ag cosaint an dea-scéil, mar aon le Cléimeans agus leis na cúntóirí eile agam a bhfuil a n-ainmneacha scríofa i leabhar na beatha.