Proverbs 30:4 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Cia chuaidh súas ar neamh, nó tháinic a núas? cía chruinnigh an gháoth iona dhórnuibh? cía cheangail na huisgeadha a ccúlaidh? cía dhaingnidh uile chorra an domhuin? cá hainm é, agus ca hainm a mhic, má fhéadann tú innsin?
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Cé a chuaigh suas ar neamh agus a thuirling arís? Cé a cheap na gaoithe ina mháma? Cé a ghabh na huiscí ina bhrat? Cé a chuir bonn faoi chríocha na cruinne? Céard is ainm dó féin agus céard is ainm dá mhac? Ar ndóigh is eol duit!