Revelation 1:11 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ag rádh, As mise Alpha agus Oméga, an céidneach agus a neach deígheanach: agus, Sgríobhsa a leabhar, an ní do chí tu, agus cuir uáit é chum na seachd neagluisidhibh atá sa Násia; chum Ephesuis, agus chum Smirna, agus chum Pergamuis, agus chum Tiatíra, agus chum Sardis, agus chum Philadelphía, agus chum Laodicea.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
g‐á rádh, An méid do‐chí tú, scríobh i leabhar é, agus cuir chum na seacht n‐eaglais é; chum Eiféise, agus chum Smiorna, agus chum Pergamum, agus chum Tuatíra, agus chum Sárdis, agus chum Filadelfia, agus chum Laodicia.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus é ag rá liom, “Scríobh a bhfeicfidh tú i leabhar, agus cuir é chuig na seacht n-eaglais, an Eiféis agus Smirna agus Pergamón agus Tíatíra agus Sardis agus Filadelfia agus Laodicéa.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
á rá: «Scríobh i leabhar a bhfeiceann tú agus seol é go dtí na seacht n-eaglaisí, go hEifeasas, go Smiorna, go Peargamas, go Tíaitíora, go Sairdis, go Filideilfia, agus go Láoidícéa.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
dá rá: “Scríobh i leabhar a bhfeiceann tú agus seol é go dtí na seacht n-eaglais, go hEifeasas, go Smiorna, go Péargamas, go Tiáitire, go Sairdeas, go Filideilfia, agus go Láódacáia.”