Revelation 1:20 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Rúindiamhair na seachd réult do chonnairc tú am láimh dheis, agus na seachd gcoinnleóir órrgha. A síad na seachd réulta seachd naingil na neaglúisidhibh: agus na seachd gcoinnleóir do chonnairc tú a síad na seachd neagluiseadha íad.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
rúindiamhair na seacht réalta do chonnacais im’ láimh dheis, agus na seacht gcoinnleoir óir. Is iad na seacht réaltana aingle na seacht eaglais, agus is iad na seacht gcoinnleoirí óir na seacht h‐eaglaisí.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Maidir le rúndiamhair na seacht réalta seo a chonaic tú agam i mo láimh dheas, agus na seacht gcrann solais órga, is iad na seacht réalta aingil na seacht n-eaglais agus is iad na seacht gcrann solais na seacht n-eaglais iad féin.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Maidir le rúndiamhair na seacht réalta a chonaic tú ar mo dheasláimh, agus na seacht gcoinnleoirí óir, is iad na seacht réalta aingil na seacht n-eaglaisí, agus is iad na seacht gcoinnleoirí na seacht n-eaglaisí.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Maidir le rúndiamhair na seacht réalta a chonaic tú ar mo dheaslámh, agus na seacht gcoinnleoir óir, is iad na seacht réalta aingil na seacht n-eaglais, agus is iad na seacht gcoinnleoir na seacht n-eaglais.