Revelation 1:8 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
As mise Alpha agus Oméga, an tosach agus an deireadh, a deir an Tíghearna, an tí atá, agus do bhí, agus bhías an tí atá Uilechúmhachdach.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Is mise an t‐Alfa agus an t‐Ómega, adeir an Tigheara Dia, an té atá ann, agus do bhí ann, agus atá ag teacht, an tUile‐chumhachtach.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
“Is mise an tAlfa agus an tÓmega,” is é a deir Tiarna Dia na gcumhacht a bhí agus atá ann agus atá le teacht.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Mise an tAlfa agus an tÓimige,» a deir an Tiarna Dia, an té atá, a bhí agus atá le teacht, an tUilechumhachtach.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“Mise an tAlfa agus an Óimige”, deir an Tiarna Dia, an té atá, a bhí agus atá le teacht, an tUilechumhachtach.