Revelation 1:9 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do bhí misi Eóin, bhur ndearbhráthair, agus bhur gcómhchompánach a dtáobh bhuáidheartha, agus ríoghachda agus fhúlaing Iósa Criosd, sa noiléun dá ngoirthear Patmos, ar son bhreithre Dé, agus ar son fhíadhnuise Iósa Críosd.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Mise Eoin, bhur mbráthair agus bhur gcómhpháirtidhe san anró, agus san ríoghacht, agus san bhfad‐fhulang atá i hÍosa, do bhíos‐sa san oileán ar a dtugtar Patmos ar son briathair Dé, agus ar son fiadhnaise Íosa.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mise Eoin, bhur mbráthair, atá comhpháirteach sa chrá agus sa ríocht agus sa dochloíteacht atá in Íosa. Agus bhí mé ar an oileán dá ngairtear Patmos mar mhaithe le briathar Dé agus le fianaise Íosa.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Mise Eoin bhur mbráthair atá páirteach libh in Íosa sa duainéis, sa ríocht agus san fhoighne. Bhí mé san oileán ar a dtugtar Patmos ar son briathar Dé a fhógairt agus fianaise Íosa.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Mise Eoin bhur mbráthair atá páirteach libh in Íosa sa duainéis, sa ríocht agus sa bhfoighne. Bhí mé san oileán ar a dtugtar Patmas ar son briathar Dé a fhógairt agus fianaise Íosa.