Revelation 10:1 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do chonnairc mé aingeal neartmhar eile ag teachd a núas ón neamh, ar na éudughadh do néul: agus an bógha uisge ar a cheánn, agus a aghuidh mar an ngréin, agus a chosa cosmhuil ré colamnuibh teineadh:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do chonnacas aingeal tréan eile ag teacht anuas ó neamh, néall mar chlúdach air, agus bogha ceatha os a chionn, agus do bhí a ghnúis cosmhail leis an ngréin, agus bhí a chosa cosmhail le colamhnaibh téineadh;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Chonaic mé aingeal cumhachtach eile ag tuirlingt ó neamh, a raibh néal thar a chorp, agus tuar ceatha faoina cheann, agus a ghnúis mar an ghrian, agus a chosa mar cholúin thine.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin chonaic mé aingeal tréan eile ag tuirlingt ó na flaithis, agus néal mar éide ina thimpeall, agus an bogha sine ar a cheann. Bhí a cheannaithe mar an ngrian agus a chosa mar cholúin tine,
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ansin chonaic mé aingeal tréan eile ag tuirlingt ó na flaithis, agus néal mar éide ina thimpeall, agus an bogha sine ar a cheann. Bhí a cheannaithe mar an ngrian agus a chosa mar cholúin tine,