Revelation 10:4 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus an tan do labhradar na seachd dtóirrnighe a ngothanna, do bhí mé air tí sgriobhadh: achd do chualuidh mé gúth ó neamh ag rádh riom, Cuir séula air na neithibh do labhradar na seachd dtóirrnighe, agus ná sgríobh íad.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair do labhair na seacht dtóirneacha, do bhíos ar tí scríobhadh, agus do chualas an glór ó neamh adubhairt, Cuir séala ar na neithibh adubhairt na seacht dtóirneacha, agus ná scríobh iad.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus nuair a chuala mé na seacht dtoirneach, bhí mé ar tí scríobh, ach chuala mé glór ó neamh ag rá liom, “Cuir séala ar an méid a dúirt na seacht dtoirneach, agus ná scríobh é.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus nuair a labhair na seacht dtoirneach, bhíos ar tí scríofa, agus chuala guth ó na flaithis á rá: «Cuir séala lena bhfuil ráite ag na seacht dtoirneach, agus ná scríobh é.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus nuair a labhair na seacht dtoirneach, bhíos ar tí scríofa, agus chuala guth ó na flaithis dá rá: “Cuir séala lena bhfuil ráite ag na seacht dtoirneach, agus ná scríobh é.”