Revelation 11:1 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus tugadh dhamh giolcach cosmhuil ré slait: agus do sheas an taingeal láimh riom, agus a dubhairt, Eiridh, agus tomhais teampoll Dé, agus a naltóir, agus an dream do ní seirbhís ann.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus tugadh dhom giolcach do bhí cosmhail le slait: agus adubhradh liom, Éirigh, tómhais teampall Dé, agus an altóir, agus na daoine atá ag adhradh annsin.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Tugadh dom ansin slat tomhais mar bhata, agus dúradh liom, “Éirigh agus glac tomhas theampall Dé agus na haltóra agus an dreama a bhíos ag adhradh ann,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin tugadh bata dom mar shlat tomhais agus é á rá liom: Éirigh agus tomhais teampall Dé, agus an altóir agus an lucht adhartha ansiúd;
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ansin tugadh bata dom mar shlat tomhais agus é dá rá liom: Éirigh agus tomhais teampall Dé, agus an altóir agus an lucht adhartha ansiúd;