Revelation 11:15 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do shéid an seachdmhadh aingeal a sdoc; agus do bhádar góthanna móra ar neamh, ag rádh, Is lé ar Dtíghearnainne, agus lé na Chríosd, ríoghachda an dómhuin; agus biáidh seisean na rí go sáoghal na sáoghal.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do shéid an seachtmhadh h‐aingeal; agus do bhí glórtha móra ar neamh, adubhairt, Is le n‐ár dTighearna, agus le n‐a Chríost ríoghacht an domhain: agus riaghlóchaidh sé go saoghal na saoghal.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Shéid an seachtú haingeal a thrumpa ansin, agus bhí ardghlórtha ar neamh, ag rá, “Rinneadh ríocht ár dTiarna agus a Chríost de ríocht an domhain, agus rialóidh sé go saol na saol.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin shéid an seachtú haingeal a thrumpa. Agus b' shiúd guthaí tréana sna flaithis á rá: «I lámh ár dTiarna agus a Chríost a tharla tiarnas an domhain agus rialóidh sé ar feadh na síoraíochta.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ansin shéid an seachtú haingeal a thrumpa. Agus bʼiúd guthanna tréana sna flaithis dá rá: “I lámh ár dTiarna agus a Chríost a tharla tiarnas an domhain agus rialóidh sé ar feadh na síoraíochta.”