Revelation 11:18 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do ghabh fearg na cineadhacha, agus táinic thfeargsa, agus aimsir, bhreitheamhnuis na marbh, agus luáidheachda do thabhairt dod shearbhfhoghantuighibh ba faidhibh, agus do na náomhuibh, agus don luchd ar a bhí eagla hanma, eidir bheag agus mhór; agus sgreasda na druinge sgriosus an talamh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus d’éirigh na cinidheacha feargach, agus tháinig t’fhearg‐sa, agus tráth breitheamhnais na marbh, agus an tráth chum a luaigheacht do thabhairt dod’ sheirbhíseachaibh, na fáidhe, agus do na naomhaibh, agus do na daoinibh gur ab eagal leo t’ainm, idir bheag agus mhór; agus chum scriosadóirí na talmhan do scrios.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Dá mhéid é fraoch na gciníocha, tháinig uair dʼfheirge, agus lá bhreithiúnas na marbh, agus an lá a dtabharfar a luach saothair do do sheir-bhísigh, idir fháithe agus naoimh, agus bheag agus mhór a mbíonn ómós acu do dʼainm, an lá a scriosfar scriostóirí an talaimh.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ghabh fearg na ciníocha, ach tháinig fraoch d' fheirge agus uain an bhreithiúnais ar na mairbh, uain cúiteamh a thabhairt do do sheirbhísigh, na fáithe, agus do na naoimh agus don dream ag a bhfuil urraim do d' ainm, idir bheag agus mhór, uain scriosta lucht scriosta an domhain.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ghabh fearg na ciníocha, ach tháinig fraoch dʼfheirge agus uain an bhreithiúnais ar na mairbh, uain cúiteamh a thabhairt do do sheirbhísigh, na fáithe, agus do na naoimh agus don dream ag a bhfuil urraim do dʼainm, idir bheag agus mhór, uain scriosta lucht scriosta an domhain.”