Revelation 11:19 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do hosgladh teampoll Dé ar neamh, agus ba léir áirc a chonnartha ann a theampoll: agus do bhí tinnteach, agus gothanna, agus tóirrneach, agus crioth talmhan, agus cloichshneachda mór ann.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do foscladh teampall Dé ar neamh; agus do nochtadh airc a chonnartha istigh ’n‐a theampall; agus do bhí teinnteacha, agus glórtha, agus tóirneacha, agus crioth talmhan, agus cloich‐shneachta mór ann.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ba ansin a osclaíodh teampall Dé atá ar neamh, agus chonacthas áirc a chúnaint istigh sa teampall; agus bhí splancacha agus torainn arda agus roisteacha toirní agus crith talaimh, agus cith trom de chlocha sneachta ann.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin osclaíodh teampall Dé ar neamh, agus bhí radharc ar áirc a chonartha ina theampall agus tharla tintreacha, agus glórtha agus toirneacha, agus crith talún agus a lán clocha sneachta.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ansin osclaíodh teampall Dé ar neamh, agus bhí radharc ar áirc a chonartha ina theampall agus tharla tintreacha, agus glórtha agus toirneacha, agus crith talún agus a lán cloch sneachta.