Revelation 11:5 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus cía bé lér mían dochar do dhéunamh dhóibh, tig teine amach as a mbéul, agus sluigidh sí a naimhde: agus cía bé lér mían dochar do dhéunamh dhóibh, as amhluidh so ás éigean a mharbhadh,
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Aoinneach gur mian leis dochar do dhéanamh dhóibh, tagann teine amach as a mbéal, agus slugann sí a náimhde: agus duine ar bith gur mian leis dochar do dhéanamh dhóibh, is ar an gcuma sin marbhóchar é.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus más mian le haon duine a ndochar a dhéanamh, tagann tine as a mbéal go slogann sí a naimhde; sin an oidhe atá i ndán don té ar mhian leis a ndochar a dhéanamh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus más áil le haon duine dochar a dhéanamh dóibh, tagann tine as a mbéal agus slogann a naimhde. Más áil le haon duine dochar a dhéanamh dóibh, más ea, is mar sin nach foláir é a mharú.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus más áil le haon duine dochar a dhéanamh dóibh, tagann tine as a mbéal agus slogann a naimhde. Más áil le haon duine dochar a dhéanamh dóibh, más ea, is mar sin nach foláir é a mharú.